Ag deanamh d'anama

Sheol an staraí Margaret McCurtain leabhar nua dátheangach, Lón Anama, le Ciarán Mac Murchaidh, oíche Luain ar ócáid i mBaile…

Sheol an staraí Margaret McCurtain leabhar nua dátheangach, Lón Anama, le Ciarán Mac Murchaidh, oíche Luain ar ócáid i mBaile Átha Cliath. Is é atá sa leabhar díolaim de dhánta, de liricí agus de rainn thraidisiúnta na Gaeilge ar théamaí spioradálta.

Tá dánta ó aimsir na Sean-Ghaeilge go dtí an 20ú haois agus aistriúcháin go Béarla leo. Is léachtóir le Gaeilge é Mac Murchaidh ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach.

Scríobhann sé sa réamhrá gur gné na spioradáltachta a bhí i gceist lena rogha: "Ní hionann sin is a rá, áfach, go léiríonn na samplaí seo go raibh iarracht chomhfhiosach ar siúl thar na blianta corpas dánta a chur le chéile chun go gcruthófaí 'spioradáltacht Cheilteach' de shórt éigin.

Is fíor a rá, mar sin féin, go bhfuil corpas filíochta i nGaeilge ón aois is luaithe a fhéachann le nádúr Dé a fhiosrú agus a cheistiú..."